Eamon An Chnuic
Popularity · Low
YouTube
Searching YouTube...
Lyrics
Cé hé sin amuigh a bhfuil faobhar ar a ghuth
Ag réabadh mo dhorais dúnta?
Mise Éamonn a' Chnoic atá báite fuar fliuch
Ó shíorshiúl sléibhte 'is gleannta
A lao ghil 's a chuid, cad a dhéanfainn-se dhuit
Muna gcuirfinn ort beinn de m' ghúna
'S go bhfuil púdar go tiubh dá shíorshéideadh leat
'S go mbeimis araon múchta
A chumainn 's a shearc, rachaidh mé 'na seal
Fé choillte glasa drúchta
Mar a bhfaighidh mé an bheach is an lon ar a nead
An fia 'gus an poc ag búireach
Na h-éiníní binne ar na géaga ag seinm
Nó an chuaichín ar bharr an iúir ghlais
Go brách brách níor thiocfaidh an bás inár ngaire
I lár na coille cumhra