Skip to content
Lyric
Dive
Public playlists
My playlists
Search
Sign in
Tír Na nÓg
Na Fíréin
Popularity · Low
+
Original
0
0
YouTube
Searching YouTube...
Lyrics
Original
Translation
Bilingual
Fadó fadó in Éirinn
roimh theacht an nua-aois
Bhí conaí ann ar an bhFiann
Fionn 's a mhac Oisín
Is iomaí eachtra a bhain leo siúd
Is iomaí casadh croí
Ach ní dhéanfar dearmad ar an lá
A bhuail Oisín le Niamh
Niamh Cinn Óir, as Tír na nÓg
B'í an bhean ab áille gné a chas ar Oisín Óg
Mheall sí é le breáthacht
Mheall sí é le póg
Is mheall sí é gan aon agó
Go Tír na nÓg
Bhí Óisín lá breá gréine
Ag siúl le ciumhais na habhann
'Measc bláthanna buí is luachra
Taibhsíodh dó an tsamhail
Spéirbhean gheigeal álainn
A d'fhag crof an laoich sin fann
Thug cuireadh dó go Tír na nÓg
Go síoraí cónaí ann
Niamh Cinn Óir, as Tír na nÓg
B'í an bhean ab áille gné a chas ar Oisín Óg
Mheall sí é le breáthacht
Mheall sí é le póg
Is mheall sí é gan aon agó
Go Tír na nÓg
Tír álainn, tír na hóige
Tír dhiamhair aislingí
Trí chéad bliain a chaith Oisín ann
I ngrá go mór le Niamh
Ach fonn nár fhág é choíche
Is nach bhféadfadh sé a chloí
Dul thar n-ais go hÉirinn
Go bhfeichfeadh sé í arís
Niamh Cinn Óir, as Tír na nÓg
B'í an bhean ab áille gné a chas ar Oisín Óg
Mheall sí é le breáthacht
Mheall sí é le póg
Is mheall sí é gan aon agó
Go Tír na nÓg
"Ná fág an áit seo" arsa Niamh
"Na himigh uaim a chroí"
"Má fhágann tusa Tír na nÓg
Ní fhillfidh tú ariamh"
Ach d'fhill Oisín ar Éirinn
Mar bhí fiabhras ina chroí
Is fuair sé bás os comhair an Naomh
B'shin deireadh lena shaol
Niamh Cinn Óir, as Tír na nÓg
B'í an bhean ab áille gné a chas ar Oisín Óg
Mheall sí é le breáthacht
Mheall sí é le póg
Is mheall sí é gan aon agó
Go Tír na nÓg
Tír na nÓg, ó Tír na nÓg
Tír uasal na draíochta a bhí ann fadó
Féach thiar ansin í
Thiar ar fhíor na spéire
Sin an áit a mhaith liom bheith
Sin Tír na nÓg
Tír na nÓg
Tír na nÓg