Skip to content

Chuaigh mé na Rosann

Popularity · Moderate

Listen

YouTube

0:00 / 0:00
Loading YouTube player...
Lyrics offset
Synced

Lyrics

Chuaigh mé 'na Rosann ar cuairt Gur bhreathnaigh mé uaim an spéir Is thart fa na h-oileain ó thuaidh Mar eilit agus cu 'na diaidh Sé duirt gach duine fa'n chuan Nuair a tharlaigh mé anuas fa'n chéidh Nach maith a aithnim ar do ghruaim Gur fear thu a bhfuil a' tóir 'do dhiaidh Casadh dom a' cailin deas óg Ach ma casadh 'si a labhair go gar Ma's fear thu a bhain do mhnaoi óig Cha mholaim rómhór do thrade (cheird) Chonnaic mé fear ar thir mór 'S é ag siul gan bhróg inné Is dóigh liom gur thusa 'n fear óg 'S go bhfuil ort an tóir 'do dhiaidh D'fhreagair mé 'n ainnir dheas óg Ghlac si go mór mo scéal Stad de do mhagadh nios mó Nó ni duine den tseort sin mé Ach suigh thus' anall 'e mo chóir Is bi thus' ar aon nós lion féin Nó rachaidh mé os coinne do shrón' Amach go tir mór le léim Thit muid i dtuirse 's i mbrón Is d'fhiafraigh an óig-bhean diom Ca bhfuigheas muid gloine le h-ól A thógfas an brón d'ar gcroi? Ta teach beag ar leath-taoibh an róid Agus coinnionn sé i gcónai braon Gabh thusa 'gus rappail an bord 'S ni dhiolfaidh do phócai aon phingin Tharlaigh muid 'steach i dtoigh 'n óil Agus b'fhaiteach go leor mé le sui Ar eagla go dtiocfadh an tóir Is go mbainfi an óig-bhean diom Nuair a fuair muid gach ni mar ba chóir Is mheas mé gur chóir duinn sui Sé duirt si: Bi thus' ag gabhail cheoil 'S ni dhiolfaidh do phócai aon phingin Cha rabh mis' i bhfad ag gabhail cheoil Gur chruinnigh go leor 'un toigh' Achan fhear is a ghloine 'n a dhorn Le comhmóradh a thabhairt don dis Bhi biotailte fairsing go leor A rabh beagan da ól sa tir 'S da dtarraingeoinn-se galun Ui Dhomhnaill B'fhurast mo scór a dhiol Nuair a lig muid duinn tuirse is brón Sé d'fhiafraigh an óigh-bhean diom Ca mbionn tu 'do chónai sa la Nuair nach gcoinnionn tu cró duit féin? Bim-se seal 'dtoigh an óil Cha deanaim-se lón don phingin A' meid udaidh a shaothraim sa la A chathamh le spórt san oich' Ma's fear thu a leanas don ól Cha mholaim rómhór do thrade Nó chan iarrfainn ar dhuine de do sheort-sa Toiseacht le buaidhreadh an tsaoil Is fearr duinn fanacht go fóill Go ndeanaidh muid lón don phingin Is go rabh againn an t-ór Is cuidiu d'ar gcóir arist Le fanacht go ndeanaidh muid lón Caithfear cuid mhór d'ar saol Is fearr duinn toiseacht go h-óg 'S beidh cuidiu d'ar gcóir arist Do leithéid char casadh go fóill Dom i mbealach na i ród 'mo thriall 'S da mbeinn-se i mBéal-an-Átha Mór Gheobhainn cailini óg' ar phingin