Skip to content
Lyric
Dive
Public playlists
My playlists
Search
Sign in
Síle
An Chéad Ghlúin Eile
Popularity · Low
+
Original
0
0
Listen
YouTube
1
2
3
0:00 / 0:00
Loading YouTube player...
Lyrics offset
Synced
Lyrics
Original
Translation
Bilingual
Bheadh buachaillín deas aige Síle
Dhá bpósfadh sí mé mar fhear
Mharóinn an breac ar an taoide
S' an coinín ar an dumhaigh chomh maith
Ní iarrfainn léi capall ná caora
Airgead buí nó geal
Mar go mb'fhearr liomsa agam mar mhnaoi í
Ná iníon aon rí a mhair
Tá máthair gan taise aige Síle
Is ní airíonn sí a croí rómhaith
Tá sparán mór fada aici líonta
Ag lorg talamh gan cíos le fear
Ba chuma léi óg é ná críonna
Ba chuma léi buí nó geal
Ó ba chuma léi cam é nó díreach
Ach 'aige caoirigh is ba
Ní mar sin mar a mheasann mo Shíle
B'fhearr léi mise na míle fear
Is meidhreach a sheinnfinn ar phíob di
Is greannta a rincfinn dreas
Chuirfinn I dtalamh na síolta
Is bhainfinn arís arais
Is nuair a thiocfainn abhaile ní bhruíonfainn
Ach ag reacaireacht grinn lem' shearc
Tá mo mhargadh socair le Síle
Is ní bhrisfear é d'Éirinn ar fad
Gan spleáchas dá máthair 's dá muintir
Rachaidh sí chun cinn gan stad
Pósfam sa gcathair an mhí seo
'S an sagart á dhíol go maith
Is ní dóiche go bhfanam sa tír seo
Ach ag ragaireacht síos amach
Bheadh buachaillín deas aige Síle
Dhá bpósfadh sí mé mar fhear
Mharóinn an breac ar an taoide
S' an coinín ar an dumhaigh chomh maith
Ní iarrfainn léi capall ná caora
Airgead buí nó geal
Mar go mb'fhearr liomsa agam mar mhnaoi í
Ná iníon aon rí a mhair