Skip to content
Lyric
Dive
Public playlists
My playlists
Search
Sign in
An Cailín Gaelach (Song)
Altan
Popularity · Low
+
Original
0
0
Listen
YouTube
1
2
3
0:00 / 0:00
Loading YouTube player...
Lyrics offset
Synced
Lyrics
Original
Translation
Bilingual
B'áite liom féin 'bheith ar thaobh mhalaí shléibhe
'Gus cailín gaelach a bheith 'mo chomhair
Bheinn a bréagadh 's a teannadh léithe
'Gus dar liom féin, 'riú, gur dheas ar ndóigh
Ag éirí domh féin ar maidin an lae ghil
'S mé gabhail fá'n choill chraobhaigh 's mé seoladh bó
Tharlaigh domh an spéirbhean 'na suí ar an léana
'S a fallaing léithe 's í lán de ghnó
D'fhiafraigh mé díthe go ciúin is go ceillí
An nglacfaidh tú póg uaim, a stór mo chroí?
D'oscail sí a béilín 'gus labhair sí Bearla
'S é dúirt sí, "Pray sir, and let me be
Is maith an airí ar na buaibh a shantú
'Gus bheinnse 'a seoladh amuigh sa lá
Im agus bainne iad, ar theacht a' tsamhraidh
'S mar gheall ar bhólacht a phóstar mná