Skip to content

An Ph?irc

Popularity · Moderate

YouTube

Searching YouTube...

Lyrics

Seal do bhí páirc, dob álainn an pháirc In aice mo dhoras go buan Is an gach nua lá d'fhásadh nua bláth Ag cur leis an ghlas-mhuir go suan Suas suas an aer an fhuiseog go soar Ag síor chanadh sólais don lá Ó mhaidin go teacht na hoíche faoi bhrat Níor fhoglaim mé dadaigh ach grá D'imigh gach bliain gan bhuaireadh sa pháirc M'óige geal gháireach is suairc Ar thóir na mbeach rua ag bailiú go luath Gach ceann ag eitilt gan bhuairt Éist leis an traén ag feadaíl i gcéin Deifrigh nó caillfimid í O mhaidin go teacht na hoíche faoi bhrat Spórt agus sásamh im chroí Féach ar an pháirc Cá bhfuil na crainn is an bláth? Agus féach ar an spéir Cá bhfuil mo chantóir's mo ghrá? Seal do bhí páirc, dob álainn an pháirc In aice mo dhoras go buan Is an gach nua lá d'fhásadh nua bláth Ag cur leis an ghlas-mhuir go suan